AN SAORÁNACH EORPACH TÚ AGUS TÚ I DO CHÓNAÍ SA BHEILG?

Bí ag vótáil do Pharlaimint na hEorpa ar 9 Meitheamh 2024!

 

Dé Domhnaigh 9 Meitheamh 2024, toghfar baill na Parlaiminte Eorpaí i 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh.

Más saoránach Eorpach tú agus tú i do chónaí sa Bheilg, is féidir leat páirt a ghlacadh i dtoghcháin sa Bheilg do Pharlaimint na hEorpa, agus vótáil d’iarrthóirí ar liostaí Beilgeacha iarrthóirí. Má dhéanann tú a leithéid, ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa i do thír féin.

Ní mór an t-iarratas le haghaidh clárúcháin ar an rolla toghthóirí i do bhardas a bheith déanta faoi 31 Márta 2024, ar a dhéanaí.

Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh vótálaithe na Beilge ag toghadh a gcuid ionadaithe i dTeach na nIonadaithe agus sna Parlaimintí Áitiúla agus Réigiúnacha ar 9 Meitheamh 2024 freisin.

CÉ ATÁ I DTEIDEAL VÓTÁIL AR 9 MEITHEAMH 2024?

Chun páirt a ghlacadh sa toghchán seo mar shaoránach Eorpach, ní mor duit cúig choinníoll a chomhlíonadh, is é sin le rá:

  1. bheith i do bhall de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh;
  2. do phríomháit chónaithe a bheith suite i mbardas Beilgeach;
  3. bheith ar a laghad 16 bliana d’aois;
  4. bheith i dteideal vótáil;
  5. bheith cláraithe ar an rolla toghthóirí (íos-aois le haghaidh an chláraithe: 14 bliana d’aois).

 

  1. Náisiúntacht

    Le bheith incháilithe le vótáil ar dháta thoghchán Pharlaimint na hEorpa ní mór duit bheith i do náisiúnach de cheann de na 26 Ballstát atá san Aontas Eorpach, in éineacht leis an mBeilg: An Bhulgáir, An Chipir, An Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir.

    Ní mór an riachtanas náisiúntachta a chomhlíonadh ní níos déanaí ná 1 Aibreán 2024, an dáta nuair a chuirtear na rollaí toghthóirí le chéile.

  2. Cónaí

    Ní mór freisin go mbeifeá cláraithe ar chlár an daonra, nó ar chlár na náisiúnach eachtrannach i do bhardas cónaithe sa Bheilg. Ní mór an coinníoll seo a chomhlíonadh faoi 1 Aibreán 2024, ar a dhéanaí.

  3. Aois

    Le bheith in ann vótáil, ní mór go mbeifeá ar a laghad 16 bliana d’aois ar dháta an toghcháin.

  4. Bheith i dteideal vótáil

    Le bheith i dteideal vótáil, is gá nach mbeadh do chuid ceart toghchánach faoi dhlí na Beilge dícháilithe nó curtha ar fionraí. Ina theannta sin, is gá nach mbeadh do cheart ar vótáil aisghairmthe i do Stát baile tar éis socraithe aonair nó riaracháin.

  5. An Rolla Toghthóirí

    Ní mór duit bheith cláraithe ar rolla toghthóirí an bhardais ina bhfuil do phríomhchónaí. Leis sin a dhéanamh, ní mór duit an fhoirm C/1 a líonadh isteach ar líne ag www.inscription.elections.fgov.be, nó is féidir í a fháil ó na húdaráis bhardasacha san áit ina bhfuil do phríomhchónaí,

    Don 31 Márta 2024 ar a dhéanaí, ní mór duit:

     

    Scrúdóidh údaráis an bhardais d’iarratas bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn tú ar an bhfoirm seo.

    Má cheadaítear d’iarratas ag an mbord feidhmiúcháin (an méara agus a gcuid leas-mhéaraí), gheobhaidh tú fógra oifigiúil ón mbardas.

    Tá an vótáil éigeantach sa Bheilg. Chomh luath agus atá do chlárúchán ar an rolla toghthóirí ceadaithe, beidh ceangal dlí ort, mar sin de, vótáil ar 9 Meitheamh 2024. Ina theannta sin, ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa i do thír féin níos mó.

    Más mian leat, níos faide anonn, páirt a ghlacadh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa i do thír féin arís, nó ar aon chúis eile, is féidir leat iarraidh go ndéanfaí do chlárúchán a aistarraingt ag an mbardas sin ina bhfuil do phríomhchónaí. Ní féidir leat, áfach, an t-iarratas seo a dhéanamh idir 1 Aibreán 2024 agus dáta an toghcháin.

    Má tá iarratas curtha isteach agat cheana le haghaidh clárúcháin ar an rolla toghthóirí do thoghcháin Eorpacha san am atá caite (do na toghcháin Eorpacha in 2014 nó in 2019, mar shampla), agus má ceadaíodh tú mar vótálaí ag an am, ní gá duit iarratas nua a dhéanamh. Tá do chlárúchán ar an rolla toghthóirí fós á choimeád air agus fanann sé bailí do gach toghchán Eorpach sa todhchaí.

    Is féidir leat an clárúchán seo a sheiceáil le húdaráis do bhardais, nó ar an bhfeidhmchlár ‘Mon DOSSIER’ (mo chuid taifead) ag https://www.mondossier.rrn.fgov.be (Táb ‘Mes données – Mo chuid sonraí’ ► ‘Élections – Toghcháin’)

    Is féidir go socróidh an bord feidhmiúcháin (an méara agus a gcuid leasmhéaraí) gan d’iarratas ar chlárúchán mar vótálaí a cheadú, agus gan tú a chur ar an rolla toghthóirí, mar sin de.

    Tabharfar fógra oifigiúil duit faoin gcinneadh seo i scríbhinn. Is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo. Is féidir leat eolas a fháil faoi imeachtaí an achomhairc ó d’údarás bardasach nó ar an suíomh gréasáin www.elections.fgov.be (an táb ‘Électeurs – Vótálaí’).

CONAS VÓTA BAILÍ A CHAITHEAMH

Le bheith bailí, ní mór do vóta a chaitheamh ar liosta aonair iarrthóirí. Is féidir leat vótáil ar 2 bhealach éagsúla:

  • trí vótáil sa bhosca ag barr liosta (vóta blocliosta (vote de liste));
  • trí vótáil sa bhosca atá suite in aice le hainm iarrthóra amháin, nó níos mó, (vóta tosaíochta (vote nominatif)).

Má chaitheann tú vóta blocliosta chomh maith le vóta tosaíochta amháin nó níos mó, laistigh den liosta céanna seo, ní chuirfear an vóta blocliosta san áireamh.

Má chaitheann tú vótaí (blocliosta nó tosaíochta) ar liostaí éagsúla, measfar do vóta a bheith ar neamhní agus ní aithneofar é.

Féach an físeán mínithe sa nasc seo: https://elections.fgov.be/electeurs-comment-voter/vote-papier
(ar fáil i bhFraincis, in Ollainnis agus i nGearmáinis amháin)

VÓTÁIL LEICTREONACH

Ar 9 Meitheamh 2024, beidh 158 bardas i Réigiún Fhlóndras, gach bardas i Réigiún Príomhchathartha na Bruiséile, agus bardais Phobal labhartha na Gearmáinise, ag vótáil go leictreonach le cruthúnas páipéir; beidh gach bardas i Réigiún na Vallúine agus 150 bardas i Réigiún Fhlóndras ag vótáil agus an vóta ‘páipéir’ á úsáid acu.

Le fáil amach más féidir leat vótáil go leictreonach i do bhardas féin,

  1. féach https://elections.fgov.be/electeurs-comment-voter/quel-mode-de-vote-dans-ma-commune (ar fáil i bhFraincis, in Ollainnis agus i nGearmáinis amháin);;
  2. nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hoifig toghcháin do bhardais.

VÓTÁIL LE RÍOMHAIRE

Gheobhaidh tú an físeán mínithe tríd an nasc seo: https://elections.fgov.be/electeurs-comment-voter/le-vote-electronique
(ar fáil i bhFraincis, in Ollainnis agus i nGearmáinis amháin)

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH LE BHEITH I D’IARRTHÓIR

Le bheith incháilithe le do cheart a chleachtadh sa Bheilg le seasamh sa toghchán do Pharlaimint na hEorpa, ní mór duit:

  • bheith i do bhall de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh agus freisin bheith i do chónaí i gceann de na Ballstáit;
  • bheith ar taispeáint mar iarrthóir ar liosta Beilgeach iarrthóirí a bhfuil príomhoifig toghcháin Bheilgeach tar éis glacadh leis, tar éis clárúcháin leis an oifig sin ar 12 nó 13 Aibreán 2024;
  • seachadadh don phríomhoifig toghcháin dearbhú scríofa agus sínithe a thugann le fios seoladh do phríomhchónaí, do náisiúntacht, do dháta breithe agus d’áit bhreithe. Sa dearbhú seo, ní mór duit deimhniú freisin nach iarrthóir tú i mBallstát eile agus nár aisghairmeadh ná nár cuireadh ar fionraí d’incháilitheacht seasamh le haghaidh oifige sa Stát sin ar dháta an toghcháin;
  • aois 18 mbliana a bheith bainte amach agat faoi dháta an toghcháin;
  • cearta iomlána sibhialta agus polaitiúla a bheith agat ar dháta an toghcháin.

Gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise anseo: https://elections.fgov.be/candidats/comment-etre-candidat (ar fáil i bhFraincis, in Ollainnis agus i nGearmáinis amháin).

NÍOS MÓ EOLAIS

Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an oifig Toghcháin ag d’údarás bardasach.

Is féidir leat freisin breathnú ar shuíomh gréasáin Toghcháin na Seirbhíse Poiblí Feidearálaí Intíre, www.elections.fgov.be.